Comórtas Gearrscéalta 2017 – Foras na Gaeilge
Gabhann Books Ireland míle buíochas leat as páirt a ghlacadh i gComórtas Gearrscéalta Fhoras na Gaeilge in Books Ireland 2017.
- An Chéad Duais: €400, Cúrsa scríbhneoireachta in Áras Scríbhneoirí na hÉireannwww.irishwriterscen
tre.ie agus foilsiú in iris Books Ireland - 2ú Duais: €200
- 3ú Duais: €100
Gabhaim buíochas leat arís as páirt a ghlacadh agus guím gach ráth ort féin agus ar do shaothar.
Go n-éirí leat,
Caoimhe agus gach duine ag Books Ireland.
Dea-scéal do scríbhneoirí Gaeilge! Tá síneadh míosa curtha le sprioclá don chomórtas gearrscéalta ag Books Ireland. Is féidir iarratais a chur chugainn go 31 Lúnasa anois.
Is cúis áthais dúinn i Books Ireland Comórtas Gearrscéalaíochta 2017 a sheoladh. Seol isteach d’iarracht agus beidh an deis agat duaiseanna airgid, áit ar chúrsa scríbhneoireachta in Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus foilsiú in iris Books Ireland a bhaint amach. Glacfar le hiarrachtaí ón 1 Bealtaine 2017 agus is é an 31 Lúnasa an dáta deiridh.
Tá an comórtas ar oscailt do scríbhneoirí ó thír ar bith ag scríobh i nGaeilge gan aon srian ar stíl ná téama. Ní mór go mbeidh gach iarracht úrnua, faoi 2,600 focal, neamhfhoilsithe agus gan a bheith curtha faoi bhráid aon chomórtas ná gradam ná ag dul i gcló.
Moltóirí: Cathal Póirtéir agus Éilís Ní Dhuibhne
Dáta deiridh: 31 Lúnasa 2017
- An Chéad Duais: €400 Cúrsa scríbhneoireachta in Áras Scríbhneoirí na hÉireann www.irishwriterscentre.ie agus foilsiú in iris Books Ireland
- 2ú Duais €200
- 3ú Duais €100
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Íoc an táille chuí ar líne ANSEO
Táille Iontrála ar €10 nó ar €5 do shíntiúsóirí nó do bhaill de ghrúpa scríbhneoireachta (sonraí de dhíth agus tú ag íoc).
Admháil uathoibríoch a gheobhaidh tú ar ríomhphost tar éis duit an íocaíocht a dhéanamh ar líne; bí cinnte Uimhir an Ordaithe a scríobh isteach ar d’iontráil.
Seol ar ríomhphost d’iarracht ar ríomhphost go writingcomp@booksirelandmagazine.com roimh an dáta deiridh: 31 Lúnasa 2017.
Moltóireacht gan ainmneacha atá i gceist. Ná bíodh ainm ná sonraí teagmhála le léamh ar na scéalta. Seol d’iarrachtaí ar ríomhphost, le do thoil, i bhformáid Word le spásáil dhá líne agus Uimhir an Ordaithe, teideal an scéil agus líon na bhfocal le feiceáil go soiléir ar an gcéad leathanach.
Rialacha an Chomórtais
Lean an scéal:
- Twitter: @booksirelandmag
- Facebook: Books Ireland
- writingcomp@booksirelandmagazine.com / 01 2933 568
- booksirelandmagazine.com/comortas
Books Ireland is gratefully supported by the following organisations:




February Book Competition
Charlie Savage
by Roddy Doyle
A whole year's worth of Roddy Doyle's hilarious, much-loved series for the Irish Independent.

ENTER YOUR EMAIL
for a chance to win:
Charlie Savage
by Roddy Doyle
ISBN: 978-1-787331181
Publisher: Jonathan Cape
SUBMISSION
Books Ireland is looking for new writers. Read our full Submission Guidelines
ADVERTISING
Do you want to Advertise with us? To know more about us and to download our rate card click here